Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 22:32

An Bíobla Naofa 1981

Ná truailligí m'ainm naofa d'fhonn go naomhófaí mé i measc chlann Iosrael; mise an Tiarna a naomhaíonn sibh.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Ardófar Tiarna na Slua as ucht ceart a bhreithiúnais, agus foilseofar naofacht an Dé Naofa trína fhíréantacht.

Tiarna na Slua, is é nach mór a naomhú; roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.

Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.

Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.

Coimeádaigí mo dhlíthe agus leanaigí iad, óir is mise an Tiarna a dhéanann naofa sibh.

Ná truaillíodh sé a shliocht i measc a mhuintire, óir is mise an Tiarna a naomhaíonn é.”

Bíodh sé coisricthe agat mar go n‑ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa.

d'fhágfadh sé coir orthu iad sin a ithe, rud a d'éileodh íobairt leorghnímh; óir is mise an Tiarna a naomhaigh na híobairtí seo.”

“Abair le hÁrón agus lena chlann iad féin a naomhú trí íobairtí naofa chlann Iosrael, agus gan iad a thruailliú m'ainm; ar mo shonsa déanaidís é a naomhú; mise an Tiarna.

“Coimeádaigí m'aitheanta agus déanaigí dá réir. Mise an Tiarna.

Mise a thug amach sibh ó thalamh na hÉigipte le bheith mar Dhia agaibh. Mise an Tiarna.”

Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm;

Dúirt sé leo: “Nuair a ghuíonn sibh, abraigí: A Athair, go naofar d'ainm; go dtaga do ríocht;

Déan iad a naomhú san fhírinne. Is fírinne do bhriathar.

chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí