Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 22:23

An Bíobla Naofa 1981

Damh nó uan a bheadh ina fhíothal nó míchumtha, ní cás duit é a ofráil mar íobairt dheonach, ach ní ghlacfar lena leithéid mar fhuascailt mhóide.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.

Ná tagadh aon duine i ngar ar a bhfuil iomard mar dhaille nó coiscéim bhacaí, nó atá ciorraithe nó míchumtha,

Ainmhí dall, bacach, nó ciorraithe, ainmhí le neascóidí le tochas nó le gearba, ná hofrálaigí don Tiarna é. Ná leagaigí aon ruainne d'ainmhí den sórt sin ar an altóir mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

Ná hofrálaigí don Tiarna aon ainmhí le margairlí brúite, briste, gearrtha anuas nó gonta; ná déanaigí amhlaidh in bhur dtír féin

Nuair is ainmhí dall a ofrálann sibh ina íobairt dom, nach olc an mhaise daoibh é? Nuair a ofrálann sibh beithíoch atá bacach breoite dom, nach olc an mhaise daoibh é sin chomh maith? Tairg do do ghobharnóir é. An mbeidh sé sásta leat? Nó, an bhfáilteoidh sé romhat go caoin? a deir Tiarna na Slua.

Má bhíonn aon mháchail air, má bhíonn sé bacach nó dall nó má bhíonn máchail mhór eile air, ná híobair é don Tiarna do Dhia.

“Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí