Caithfidh Árón ar a éadan í agus iompróidh Árón air féin cibé lochtanna a bhíonn ar na hofrálacha naofa a chroisriceann clann Iosrael mar íobairtí naofa; beidh sí de shíor ar a éadan d'fhonn is go nglacfaí leo i láthair an Tiarna.
“Cén fáth,” ar sé, “nár ith sibh an t‑íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d'fhonn go n‑iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna.
ach ná tagadh sé i ngar don fhial agus ná druideadh sé leis an altóir mar go bhfuil iomard air; ná truaillíodh sé na nithe naofa agam; óir is mise an Tiarna a naomhaigh iad.”
Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.
Ansin dúirt an Tiarna le hÁrón: “Tusa agus do chlann mhac agus do theaghlach go léir a iompróidh ualach na bpeacaí in aghaidh an tsanctóra; tusa agus do chlann mhac a iompróidh ualach na bpeacaí a bhaineann le bhur sagartacht.
Ní bheidh ualach aon pheaca oraibh dá bharr seo, a luaithe a bhíonn an chuid is fearr ofrálta agaibh; ní mó ná sin a bheidh na nithe a choisric clann Iosrael á dtruailliú agaibh, agus ní bhfaighidh sibh bás.’ ”
D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.