Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 22:13

An Bíobla Naofa 1981

Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Iúdá le Támár, bean a mhic: “Fill abhaile ar d'athair mar bhaintreach agus fan go bhfásfaidh mo mhac Séalá” - mar is é a bhí ina aigne aige: “Ní foláir féachaint chuige nach bhfaighidh sé bás dála a dheartháireacha.” D'imigh Támár dá bhrí sin agus chuir fúithi i dteach a hathar.

Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.

Dúirt an Tiarna le Maois agus Árón: “Seo é reacht na Cásca: Ná hitheadh aon eachtrannach aon chuid di;

Agus íosfaidh siad na nithe lena ndearnadh leorghníomh ar a son agus iad á n‑oirniú agus á gcoisreacan; ach ní íosfaidh aon tuata aon chuid díobh, mar is naofa dóibh.

In ionad bhur ndualgais dom a chomhlíonadh sa sanctóir thug sibh cúram mo dhualgas do choimhthígh.

Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d'iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d'íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d'iníonacha mar aon leat.

Na hitheadh coimhthíoch na nithe naofa; agus ná hitheadh aoi sagairt iad ná fostúch leis.

Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh.

d'imigh sí léi amach agus phós fear eile í.

Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí