Má phósann iníon sagairt coimhthíoch, ná hitheadh sí an roinn naofa a cuireadh i leataobh.
Cé a thabharfadh treoir do spiorad an Tiarna nó cén comhairleoir a thabharfadh teagasc dó?
Ní miste dó dul faoi neamhghlaine ar son a dheirféar más ógh í; is gairid é a gaol leis mar go bhfuil sí fós gan céile fir.
Ach má bhíonn daor a cheannaigh sé ag sagart, ní miste don daor sin iad a ithe, dála an té a rugadh ina theach; óir caitheann siadsan a bhia féin.
Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.