Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.
Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í.