Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 21:21

An Bíobla Naofa 1981

Aon duine de shliocht Árón an sagart, ná tagadh sé agus íobairtí loiscthe an Tiarna a ofráil má bhíonn aon iomard air; ná tagadh sé i láthair chun bia a Dhé a ofráil má bhíonn iomard air.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

“Abair le hÁrón: Aon duine ar do shliocht, in aon ghlúin má bhíonn iomard air, ná tagadh sé agus bia a Dhé a ofráil.

Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.

Bíodh sé coisricthe agat mar go n‑ofrálann sé bia do Dhé. Bíodh sé naofa agat, óir táimse, an Tiarna, a naomhaíonn thú, naofa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí