Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 21:13

An Bíobla Naofa 1981

“Bean atá fós ina maighdean ní foláir dó a ghabháil chuige mar chéile.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í.

Ná gabhadh sé amach ón áit bheannaithe agus ná truaillíodh sé sanctóir a Dhé; óir iompraíonn sé coisreacan a Dhé air féin, an coisreacan a rinneadh air le hola. Mise an Tiarna.

Bean atá ina baintreach, nó scartha óna céile, nó truaillithe ag striapachas, ná pósadh sé, ach maighdean dá mhuintir féin bíodh aige mar bhean.

Ná gabhaidís chucu mar cheile bean a thruailligh an striapachas, ná bean ar scar a fear léi; óir tá an sagart naofa dá Dhia.

Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile.

Siúd iad an dream nár truaillíodh le mná, mar is aontumhaigh iad. Iadsan lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iadsan as an gcine daonna mar chéadtorthaí do Dhia agus don Uan,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí