“Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.
Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.