Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 21:1

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt an Tiarna le Maois: “Labhair leis na sagairt, clann Árón, agus abair leo gan aon duine díobh á thruailliú féin trí dhul i ngar marbháin dá theaghlach,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ní thiocfaidh siad in aice le corpáin ar eagla go ndéanfaí neamhghlan iad; ach ar son athar nó máthar, ar son mic nó iníne, ar son dearthár nó deirféar nach bhfuil pósta, tá cead acu bheith neamhghlan.

Tugaigí aird air seo, a shagarta! Éistigí, a theaghlaigh Iosrael! A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh! Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint. Ach dol ba ea sibh i Miozpá, agus líon leata ar Thábór,

Ná ciorraígí bhur gcorp nuair a chailltear duine, agus ná cuirigí breacadh ar bith orthu. Mise an Tiarna.

Ná téadh sé i ngar corpáin; ná déanadh sé é féin neamhghlan fiú ar son a athar ná a mháthar.

“Anois, a shagarta, is in bhur n‑aghaidhse an bhreith seo:

Beidh a fhios agaibh ansin gur mise a thug an bhreith seo in bhur n‑aghaidh ionas nach seasfadh an conradh a rinne mé le Léiví níos mó, a deir Tiarna na Slua.

“An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

“Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

Aon duine a bhaineann le fear a maraíodh le claíomh lasmuigh sa mhachaire, nó le fear a cailleadh, nó le cnámharlach duine, nó le huaigh, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

“Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach.

Fad a bhíonn sé coisricthe don Tiarna ná téadh sé i ngar do chorpán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí