Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 20:23

An Bíobla Naofa 1981

Ná leanaigí nósanna an náisiúin atá á ndibirt agam romhaibh; chleachtaidís na nithe úd go léir agus uime sin tháinig an ghráin agam orthu.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Chuala Dia agus d'éirigh chun feirge, gur dhiúltaigh go hiomlán d'Iosrael.

“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Mise an Tiarna bhur nDia.

Ná déanaigí sibh féin a thruailliú le haon nós díobh sin, óir na ciníocha a dhíbir mé chun slí a thabhairt daoibh, is leosan a rinneadar iad féin a thruailliú.

Truaillíodh an talamh; d'agair mé a choir air agus níorbh fholáir dó a dhúchasaigh a sceith de.

Óir rinne an mhuintir a mhair sa tír romhaibhse na nithe gráiniúla sin go léir, agus truaillíodh an talamh.

Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.

Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.”

In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.

Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí