Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 20:18

An Bíobla Naofa 1981

Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d'fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Aon duine a dhéanfaidh cumasc mar é nó a chuirfidh aon bhraon de ar choimhthíoch, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.’ ”

ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla.

Taispeánann siad tarnochtacht a n‑aithreacha ionat; éigníonn siad na mná ionat le linn a neamhghlaine.

“Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa.

Má luíonn aon fhear léi, tógfaidh sé an neamhghlaine uaithi. Bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá. Aon leaba ar a luífidh sé, bíodh sí neamhghlan.

Ná druid le bean chun luí léi agus í neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí