Ghabh sé suas chuici ar thaobh an bhóthair agus dúirt: “Téanam agus luigh liom.” Ní raibh a fhios aige gurbh í bean a mhic í. “Cad a thabharfaidh tú dom,” ar sí, “ar son céileachas a dhéanamh liom?”
“Cén geall a fhágfaidh mé agat?” ar sé. “Do shéala, do chorda agus an bata atá i do ghlaic,” ar sí. Thug sé di iad, luigh léi, agus ghabh sí gin uaidh.
más tar éis bhreacadh an lae é, beidh éiric ann dó. Ach tá cúiteamh iomlán le déanamh, agus mura bhfuil aon mhaoin aige, ní foláir é a dhíol d'fhonn íoc as ar ghoid sé.