Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 2:3

An Bíobla Naofa 1981

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.

Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.”

Íosfaidh siad an abhlann, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh; gach rud a chuirtear faoin mbang in Iosrael beidh sé acusan.

Dúirt sé liom: “Seo é an áit a mbruithfidh na sagairt an íobairt leorghnímh agus an íobairt pheaca, agus a mbacálfaidh siad an abhlann ionas nach mbeidh orthu iad a bhreith leo amach sa chúirt sheachtrach agus an pobal a naomhú.”

An cheathrú a cuireadh i leataobh agus an brollach a ofráladh nuair a dódh an tsaill, bídís agatsa agus ag do chlann mhac mar aon leat, tar éis iad a ofráil i láthair an Tiarna mar dhleacht ar leith, de réir dlí shíoraí mar a d'ordaigh an Tiarna.”

Maraíodh sé an t‑uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.

Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus ag a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.

Is ceadmhach dó bia a Dhé a ithe, idir shárnaofa agus naofa,

Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”

An sagart a ofrálann an íobairt seo ar son peaca, itheadh sé í. Itear í in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.

“Tabhair na horduithe seo leanas d'Árón agus dá chlann mhac: Seo é an gnás don íobairt uileloiscthe (an íobairt uileloiscthe, sé sin, a fhanann ar theallach na haltóra feadh na hoíche go maidin agus a dhóitear le tine na haltóra).

Is é dála an íobairt pheaca é ag an íobairt chúitimh; is ionann gnás dóibh. An sagart a dhéanann leorghníomh léi, bíodh sí aige.

Gach abhlann a bácáladh i sorn, gach abhlann bruite ar ghrideall nó in oigheann, bíodh sí ag an sagart a ofrálann í.

Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.

Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m'altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d'athar a thug mé m'íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí