Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.
Dúirt sé liom: “Seo é an áit a mbruithfidh na sagairt an íobairt leorghnímh agus an íobairt pheaca, agus a mbacálfaidh siad an abhlann ionas nach mbeidh orthu iad a bhreith leo amach sa chúirt sheachtrach agus an pobal a naomhú.”
Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: “Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d'íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa.
Maraíodh sé an t‑uan ar an láthair sin san áit naofa mar a maraítear na híobarthaigh pheaca agus uileloiscthe. An íobairt leorghnímh seo, dála an íobairt pheaca, baineann sí leis an sagart; tá sí sárnaofa.
Comhlíonadh an sagart ar an gcuma sin gnás an leorghnímh don duine ar son an pheaca a rinne sé in aon cheann de na cúinsí sin agus maithfear dó. An fuílleach a fhágtar bíodh sé ag an sagart dála na habhlainne.”
“Tabhair na horduithe seo leanas d'Árón agus dá chlann mhac: Seo é an gnás don íobairt uileloiscthe (an íobairt uileloiscthe, sé sin, a fhanann ar theallach na haltóra feadh na hoíche go maidin agus a dhóitear le tine na haltóra).
Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.
Thogh mé féin iad as treibheanna Iosrael go léir le bheith ina sagairt, le dul suas chun m'altóra, le túis a dhó, leis an éafód a iompar; do theaghlach d'athar a thug mé m'íobairtí loiscthe ó chlann Iosrael go léir.