D'athbhunaigh Hiziciá oird na sagart agus na Léivíteach, gach duine ina ord ceart de réir a dhualgas, sagairt agus Léivítigh, maidir le híobairtí dóite, le híobairtí comaoineach, le seirbhís liotúirgeach, le moladh agus le buíochas, laistigh de gheataí champa an Tiarna.
Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh.
rachaidh an prionsa isteach trí phóirse an gheata sheachtraigh agus bunóidh sé é féin ag ursaineacha an gheata. Ofrálfaidh na sagairt ansin a íobairt dhóite agus a íobairt síochána. Déanfaidh sé adhradh ag tairseach an gheata agus rachaidh sé amach, ach ní dhúnfar an doras go tráthnóna.
Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.
Nuair a ofrálann duine íobairt chomaoineach don Tiarna, mar chomhlíonadh móide nó mar íobairt dheonach, bíodh an t‑ainmhí - más den tréad nó den táin é - foirfe má tháthar chun glacadh leis; bíodh sé gan mháchail.
Má itear an fheoil a hofráladh ina híobairt chomaoineach ar an tríú lá, ní ghlacfar le fear a hofrála, ná ní rachaidh sí chun a chreidiúna; is feoil thruaillithe í; agus fear a caite, beidh drochiarsmaí a choire air.