Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 19:36

An Bíobla Naofa 1981

bíodh bhur scálaí agus bhur meáchain cóir; bíodh bhur n‑éafá cóir, agus bíodh bhur hín cóir. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as tír na hÉigipte.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tá sé mar chúram orthu freisin lámh chúnta a thabhairt le harán an taispeántais, leis an bplúr don ofráil arbhair, leis na habhlanna aráin gan ghabháile, leis an arán bruite ar an ngrideall agus leis an arán lena bhfúil ola measctha, agus le cúrsaí tomhais agus meáchana de gach sórt.

“Mise an Tiarna do Dhia a thug thú amach as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse.

Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.

Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma; is é a rinne na meáchana uile sa mhála.

Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall; is gráin leis an Tiarna iadsan araon.

Bíodh scálaí cothroma agaibh, éafá cothrom agus bat cothrom.

Sea, mise an Tiarna a thug sibh amach as tír na hÉigipte le bheith i mo Dhia agaibh. Bígí dá bhrí sin naofa, óir is naofa mise.

Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.”

An amhlaidh a chaithfidh mé saorbhreith a thabhairt ar lucht na scálaí éagothroma agus an mhála de mheáchain mhealltacha?

“Cad é seo?” arsa mise. “Bairille is ea an rud seo atá ag nochtadh chugainn,” ar seisean. Ansin dúirt sé: “Is é seo [an t‑olc] atá siad a dhéanamh ar fud na tíre uile.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí