Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 19:3

An Bíobla Naofa 1981

Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia.

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Ansin thóg Iósaef an bheirt mhac óna ghlúine chuige féin, agus shléacht sé go talamh.

Thug tú eolas dóibh ar do shabóid naofa; Shocraigh tú aitheanta (agus reachtanna) agus dlí dóibh, Trí Mhaois do shearbhónta.

Féach! thug an Tiarna an tsabóid daoibh; uime sin tugann sé dóthain dhá lá de bhia daoibh ar an séú lá; fanadh gach duine agaibh mar a bhfuil sé; ná fágadh aon duine a bhaile ar an seachtú lá.”

Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.

Cuimhnigh ar an tsabóid agus coinnigh naofa í.

An té a bhuailfidh a athair nó a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.

An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.

Éist, a mhic, le teagasc d'athar agus ná séan oiliúint do mháthar.

Éist leis an athair a ghin thú, agus ná bíodh drochmheas agat ar do mháthair ina seanaois.

Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair, agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.

An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.

Má scorann tú den tsabóid a bhrú faoi chois agus de do ghnóthaí a dhéanamh ar an lá beannaithe; má ghlaonn tú lá aoibhnis ar an tsabóid, agus lá urraime ar lá beannaithe an Tiarna; má thugann tú onóir dó agus gan taisteal a dhéanamh air, ná gnóthaí a dhéanamh ná dul i ndáil chomhairle;

Lena chois sin thug mé mo shabóidí dóibh mar chomhartha idir mise agus iadsan, ionas go mbeadh fhios acu gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn iad.

Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.

An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia.

Coimeádaigí mo shabóidí agus bíodh urraim agaibh do mo shanctóir. Mise an Tiarna.

Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia.

An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.

Déanaigí saothar ar feadh sé lá, ach bíodh an seachtú lá ina lánsaoire, ina lá comhthionóil naofa nach ndéanfar saothar ar bith. Cibé ait ina mbíonn cónaí oraibh, sabóid don Tiarna é seo.

Coimeádaigí mo shabóidí agus tugaigí onóir do mo shanctóir. Mise an Tiarna.

“Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t‑ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m'ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ‘Conas a mhaslaíomar d'ainm?’

‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir mar a d'aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit.

Lena chois sin, nuair a chuireadh ár n‑aithreacha nádúrtha smacht orainn, bhímis urramach dóibh. Nach mó go mór ná sin is ceart dúinn bheith umhal dár n‑athair spioradálta agus an bheatha a shealbhú?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí