Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 19:26

An Bíobla Naofa 1981

Ná hithigí aon fheoil ina mbíonn fuil. Ná cleachtaigí asarlaíocht ná draíocht.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Nach as seo a ólann mo thiarna, agus nach leis a dhéanann sé fáistine? Is olc an beart é sin déanta agaibh!’ ”

ach ná hithigí feoil ina bhfuil an t‑anam, sé sin an fhuil.

Chuir siad d'iallach ar a gclann mhac agus iníonacha gabháil trí thine; chleacht siad fáidheoireacht agus piseoga agus rinne siad iad féin a reic le holc a dhéanamh i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.

Chuir sé d'iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge.

Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.

Ansin chuir Forann chomh maith fios ar a shaoithe agus ar a asarlaithe agus le barr draíochta rinne draíodóirí na hÉigipte mar an gcéanna.

Ach rinne na draíodóirí mar an gcéanna le barr draíochta agus thugadar froganna ar thalamh na hÉigipte.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná toghaigí bealaí na náisiún, ná bíodh eagla oraibh roimh chomharthaí neimhe, bíodh agus go mbíonn eagla ar na náisiúin rompu.

An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia.

Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”

Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí.

Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.

ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n‑ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil.

Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í.

Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t‑anam, agus ná caith an t‑anam leis an bhfeoil.

ach ná caith an fhuil ach í a dhoirteadh ar an talamh amhail uisce.

Ansin thugadar faoin gcreach agus rugadar ar chaoirigh, daimh agus laonna, agus mharaíodar ansiúd ar an talamh iad agus d'alpadar iad fuil agus uile.

Chuala Sól an scéal sin: “Féach,” ar siad, “tá an pobal ag déanamh peaca in aghaidh an Tiarna ag ithe idir fhuil agus uile.” D'fhreagair sé: “Rinne sibh feall; déanaigí cloch mhór a bhurláil [anseo i leith] chugam.”

Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí