Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 19:23

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a thiocfaidh sibh isteach sa tír agus gach sórt crann toraidh a chur, bíodh meas forchraicinn agaibh ar an toradh; bíodh sé amhail rud gan timpeallghearradh agaibh ar feadh trí bliana, agus ná hithigí é.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: “Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?”

Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: “Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n‑éisteodh Forann liomsa?”

Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.

Ar an ochtú lá déantar timpeallghearradh ar a fhorchraiceann,

“Nuair a shroichfidh sibh tír Chanán, atá á thabhairt agam daoibh mar shealús, agus go leagann mo lámh lobhra ar theach i bhur bhfearann dílis,

Le reithe seo an íobairt chiontachta déanadh an sagart, thar ceann an duine i láthair an Tiarna, gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son an pheaca a rinne sé; agus maithfear dó an peaca a rinne sé.

An ceathrú bliain beidh an toradh go léir naofa, ofráil chéadtorthaí don Tiarna.

“Lao, uan, nó meannán, fanadh sé seacht lá lena mháthair tar éis a bhreithe. Ón ochtú lá amach, beidh sé inghlactha mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.

Ná hithigí aon arán, aon arbhar tíortha ná aon arán bruite, roimh an lá seo, roimh an ofráil a dhéanamh do bhur nDia. Sin reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh.

“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí