Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 19:22

An Bíobla Naofa 1981

Le reithe seo an íobairt chiontachta déanadh an sagart, thar ceann an duine i láthair an Tiarna, gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son an pheaca a rinne sé; agus maithfear dó an peaca a rinne sé.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Tugadh sé íobairt chiontachta chun an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; reithe an íobairt chiontachta.

Nuair a thiocfaidh sibh isteach sa tír agus gach sórt crann toraidh a chur, bíodh meas forchraicinn agaibh ar an toradh; bíodh sé amhail rud gan timpeallghearradh agaibh ar feadh trí bliana, agus ná hithigí é.

Déanadh sé leis an tarbh seo mar a rinne le tarbh an íobairt pheaca; déantar mar ar an gcéanna leis. Comhlíonadh an sagart gnás an leorghnímh ar son an phobail agus maithfear dóibh.

Agus dódh sé a shaill go léir ar an altóir dála saille an íobairt chomaoineach. Sin mar atá an sagart le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon seo á shaoradh ón bpeaca, agus maithfear dó.

Baineadh sé an tsaill go léir de mar a bhaintear i gcás íobairt chomaoineach agus dódh an sagart í ar an altóir, agus beidh a cumhracht taitneamhach leis an Tiarna; agus déanfaidh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar a shon agus maithfear dó.

Baineadh sé an tsaill go léir aisti mar a dhéantar leis an gcaora san íobairt chomaoineach; dódh an sagart í go léir ar an altóir ar na hofrálacha uileloiscthe don Tiarna. Sin mar a chomhlíonfaidh an sagart gnás an leorghnímh ar son an duine agus maithfear dó.

Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí