Le reithe seo an íobairt chiontachta déanadh an sagart, thar ceann an duine i láthair an Tiarna, gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son an pheaca a rinne sé; agus maithfear dó an peaca a rinne sé.
“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige ainmhí ón tréad a thabhairt, ansin tugadh sé chun an Tiarna, mar íobairt leorghnímh ar son an pheaca a rinne sé, péire colm nó dhá ghearrcach colúir, ceann mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt uileloiscthe.