Léivític 19:19An Bíobla Naofa 1981Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat. Féach an chaibidil |
Tharla d'Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é - ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.