Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 19:12

An Bíobla Naofa 1981

Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

an té ar beag aige an drochdhuine agus ar mór aige lucht eagla an Tiarna; an té nach ngabhann siar ar a bhriathar bíodh gur mhionnaigh chun a dhochair féin;

Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.

Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib, ar a dtugtar ainm Iosrael agus a tháinig ó fhréamh Iúdá; sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarna agus a tharraingíonn anuas Dia Iosrael gan dea-rún gan fíréantacht.

Agus ansin tháinig sibh ar mhalairt aigne agus thruailligh sibh m'ainm; thóg gach aon duine agaibh a sclábhaithe ar ais, idir fhir agus mhná, a bhí ligthe saor agaibh ar a dtoil féin, á dtabhairt faoi dhaoirse agaibh arís.’

Má mhionnaíonn tú: ‘Go maire an Tiarna’ go fírinneach, go fíréanta agus go macánta, beannóidh na ciníocha iad féin ionat, agus is ionat a bheidh a nglóir.”

Ach bíodh go n‑abrann siad: “Go maire an Tiarna,” ina dhiaidh sin mionnaíonn siad go bréagach.

An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh?

Ná lig aon duine de do chlann a thíolacadh trí thine do Mhoilic, agus ainm do Dhé a thruailliú ar an gcuma sin. Mise an Tiarna.

Cuirfidh mé féin púic orm chun an duine sin, agus gearrfaidh mé amach óna phobal é, mar gur thug sé leanbh leis do Mhoilic agus gur thruailligh sé mo shanctóir agus gur mhaslaigh sé m'ainm naofa ar an gcuma sin.

Ansin thug mac na hIosraelaí diamhasladh don Ainm agus mhallaigh é. Thugadar go Maois é (Sealomaít iníon Dibrí de threibh Dán ainm a mháthar).

nó má aimsíonn sé maoin a cailleadh agus go séanann sé é sin; nó má thugann sé mionn éithigh i dtaobh aon pheaca a dhéanfadh duine;

Dúirt sé liom ansin: “Is é seo an mhallacht atá ag gabháil amach thar aghaidh na tíre. Óir, de réir taobh amháin de, díbreofar gach duine a dhéanann goid; agus de réir an taoibh eile de, díbreofar as an áit seo gach duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse.

Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”

Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.

Ná luaigh ainm Dé le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsaid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.

Ach thar aon ní eile, a bhráithre liom, ná tugaigí mionn, dar neamh ná dar talamh, ná dar aon mhionn eile. Nuair a bhíonn “sea” le rá agaibh, abraigí “sea,” agus “ní hea” nuair is “ní hea,” ionas nach dtiocfadh an daorbhreith oraibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí