Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.
Ach coinnigí mo reachtanna agus mo dhlíthe agus ná déanaigí - idir dhúchasach agus dheoraí ag cur faoi in bhur measc - aon cheann de na nithe gráiniúla sin.
Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat.
Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.
“Seo iad dá bhrí sin an aithne, na dlíthe, agus na reachtanna d'aithin an Tiarna bhur nDia dom a mhúineadh daoibh i dtreo go gcomhlíonfadh sibh iad san fhearann dá dtéann sibh anonn chun a shealbhaithe.