Ná luigh le haon ainmhí; d'fhágfadh sin neamhghlan thú. Ná fanadh bean le hainmhí chun luí leis. Ba bhréan an beart é.
Aon duine a luífidh le hainmhí cuirtear chun báis é.
Aon duine a dhéanfaidh íobairt d'aon dia eile ach an Tiarna, scriostar faoin mbang é.
Fear a luíonn le bean a mhic: cuirtear iad araon chun báis. Thruaillíodar a chéile; bíodh a gcuid fola sa mhullach orthu féin.
‘Mallacht ar an té a luíonn le haon sórt ainmhí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’