mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d'Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.
Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
Chuir sé d'iallach ar a mhac gabháil trí thine. Chleacht sé fáistineoireacht agus draíocht agus thug sé isteach lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna á ghriogadh chun feirge.
D'ofráil sé túis i nGleann Mhac Hiniom agus thug ar a mhic féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
Thóg siad áiteanna arda Bhál i nGleann Bhein Hionnom mar a dtugann siad ar a gclann mhac agus ar a n‑iníonacha dul tríd an tine do Mhoilic - rud nár ordaigh mise riamh, ní mó a tháinig i m'intinn go ndéanfaidís coireanna gránna mar iad - a thabhairt ar Iúdá peacú.’
Thóg siad áit ard Thoifit i nGleann Bein Hionnom, do loscadh a gclann mhac agus a n‑iníonacha sa tine; rud nár ordaigh mise riamh ná níor tháinig i mo chroí.
Thruailligh mé iad lena mbronntanais féin, ag tabhairt orthu a gcéadghinte a íobairt le tine, ionas go mbuailfeadh uafás iad; rinne mé amhlaidh le go dtuigfidís gur mise an Tiarna.
Má ofrálann sibh bhur mbronntanais, má íobraíonn sibh bhur gclann mhac sa tine, agus sibh féin a thruailliú le bhur n‑uile íola go dtí an lá inniu féin, an bhféadaim ligean daoibh dul i gcomhairle liom? Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní rachaidh sibh i gcomhairle liom.
Óir rinne siad adhaltranas, tá fuil ar a lámha, rinne siad adhaltranas lena n‑íola. Na páistí a rug siad domsa rinne siad íobairtí dóite dá n‑íola díobh.
Bídís naofa dá nDia agus ná truaillídís ainm a nDé. Is iadsan a thugann chun an Tiarna na híobairtí loiscthe, bia a nDé. Ní foláir iad a bheith naofa dá bhrí sin.
“Abair le hÁrón agus lena chlann iad féin a naomhú trí íobairtí naofa chlann Iosrael, agus gan iad a thruailliú m'ainm; ar mo shonsa déanaidís é a naomhú; mise an Tiarna.
de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh, de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an mac an striapach chéanna, rud is masla do m'ainm naofa,
Ar mhaith leis na mílte reithe nó deich míle de shruthanna ola? An ofrálfaidh mé dó an mac is sine liom mar chúiteamh i mo chionta, toradh mo choirp in éiric peacaí m'anama?”
is both Mholoch a rinne sibh a iompar agus réalt Reafas, bhur ndia; b'shin iad na híomhánna a rinne sibh le hadhradh agus díbreoidh mé sibh thar Bablóin soir.’ ”
Ná déan mar sin leis an Tiarna, do Dhia. Óir is gráin leis an Tiarna é seo uile agus is fuath leis a ndéanaidís dá ndéithe - dhéanaidís fiú a gclann mhac agus iníonacha a loscadh sa tine dá ndéithe.
Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir,