Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.
Glacfaidh mé chugam féin sibh mar phobal liom agus beidh mise agaibh mar Dhia. Beidh a fhios agaibh ansin gur mise an Tiarna bhur nDia, a d'fhuascail sibh ó ualaí na nÉigipteach.
agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: An lá a thogh mé Iosrael, mhionnaigh mé do shliocht mhuintir Iacóib, do mo chur féin in aithne dóibh i dtír na hÉigipte. Mhionnaigh mé dóibh: Is mise an Tiarna bhur nDia.
Dúirt mé leo: Caithigí uaibh uafáis a mheallann súile an uile dhuine agaibh agus ná truailligí sibh féin le híola na hÉigipte; is mise an Tiarna bhur nDia.
Mise an Tiarna bhur nDia; ar an ábhar sin coisricigí sibh féin agus bígí naofa, óir táimse naofa. Ná truailligí sibh féin, leis na míola seo go léir a shnámhann ar an talamh.
Coimeádaigí mo rialacha; ná géilligí do na nósanna gránna a bhí i dtreis sula dtáinig sibh; ansin ní dhéanfaidh siad sibh a thruailliú. Mise an Tiarna bhur nDia.”
Ní mó ná sin ba chóir duit d'fhiniúin a lomadh, ná na caora a thit i do fhíonghort a chnuasach. Fág ag an mbocht agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.
An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia.