Ansin sheol Dáiví teachtairí amach lena tabhairt chuige. Tháinig sí chuige agus luigh sé léi; bhí a fuil mhíosta tagtha agus í direach tar éis í féin a ghlanadh. D'imigh sí abhaile arís ansin.
ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla.
“Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa.
Nuair a sceitheann bean a fuil agus go sileann sí óna corp, maireadh an neamhghlaine óna cúrsaí míosa ar feadh seacht lá; aon duine a bhainfidh léi, bíodh sé neamhghlan go nóin.
Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d'fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.