Ach d'fhreagair Léá: “Nach leor leat m'fhear a bhreith leat, a rá is gur mian leat mandráic mo mhic a bhreith leat mar an gcéanna.” “Más ea,” arsa Ráchael, “luífidh sé leat anocht ar son mhandráic do mhic.”
Ná bain an folach de nochtacht mná agus a hiníne chomh maith; ná beir leat iníon a mic ná a hiníne chun an folach a bhaint dá nochtacht. Siad d'fheoil féin iad; ba chorbadh sin.
Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.