Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 18:16

An Bíobla Naofa 1981

Ná bain an folach de nochtacht bhean do dhearthár, óir sí nochtacht do dhearthár í.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

An fear a ghabhann bean a dhearthár chuige mar chéile: Sin col. Bhain sé an folach de nochtacht a dhearthár. Bás gan sliocht dóibh.

“A Mháistir,” ar siad, “dúirt Maois: ‘Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.’

“A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’

Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.

Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,

“Má bhíonn deartháireacha in aontíos agus go bhfaigheann duine acu bás gan mhac, ná pósadh bean an mhairbh duine deoranta lasmuigh den teaghlach; tagadh deartháir a céile chuici agus glacadh sé í mar bhean chéile agus déanadh sé dualgas deartháir céile ina leith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí