Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d'éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.
Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, má chaitheann sé fuil d'aon sórt, cuirfidh mé púic orm féin chun an duine sin a chaith an fhuil agus gearrfaidh mé amach óna phobal é.
ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.
Ná déanfaidis a n‑íobairtí a ofráil a thuilleadh do na saitirí dá ndearnadar striapachas tráth. Dlí síoraí é seo acu féin agus ag a sliocht ó ghlúin go glúin.
Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.
Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: “Féach,” a deirtí, “thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.”
“Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: ‘Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna?
Tóg altóir chloch dea-chumtha don Tiarna do Dhia ar bharr an fharragáin seo. Ansin faigh an gamhain ramhar, an dara ceann, agus íobair é mar íobairt dhóite le hadhmad an chuaille a bheidh gearrtha anuas agat.”
Gabh romham síos go Gilgeál; rachaidh mise ansiúd níos déanaí le híobairtí loiscthe agus comaoineach a ofráil. Fan seacht lá go dtiocfaidh mé chugat, agus a thaispeáint duit céard atá le déanamh agat.”
D'fhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’
Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d'ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.