Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 17:3

An Bíobla Naofa 1981

Aon duine de theaghlach Iosrael a mharaíonn damh nó uan nó gabhar sa champa nó lasmuigh de,

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Bhí an pobal ag ofráil íobairtí fós sna hardionaid mar nach raibh aon teach tógtha fós d'ainm an Tiarna.

Aon dúchasach nó deoraí a itheann ainmhí a fuair bás uaidh féin nó a stoll ainmhithe allta, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce; beidh sé neamhghlan go nóin; ansin beidh sé glan.

“Labhair le hÁrón agus lena chlann agus le clann Iosrael agus abair leo: Seo daoibh briathar an Tiarna, á ordú:

ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.

“Abair leo chomh maith: Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a ofrálann íobairt uileloiscthe, nó íobairt eile,

Leagadh sé a lámh ar cheann an íobarthaigh agus maraíodh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála, agus déanfaidh clann Árón, na sagairt, an fhuil a dhoirteadh ar imill na haltóra.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí