Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré.
Ná clúdaigh m'fhuil, a chré, Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m'olagón.
Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin, ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.
Óir tá a fuil ina lár fós. D'fhág sí í ar charraig lom; níor dhoirt ar an talamh lena ceilt faoin deannach.
Uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caitheadh aon duine agaibh fuil, ná aon deoraí ag cur faoi in bhur measc.
Cibé áit ina mbíonn cónaí oraibh, ná caithigí aon sórt fola, fuil éin ná fuil ainmhí.
Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í.
Ná caith í ach doirt ar an talamh í mar a dhoirtfeá uisce.
ach ná caith an fhuil ach í a dhoirteadh ar an talamh amhail uisce.