Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 17:12

An Bíobla Naofa 1981

Uime sin a dúirt mé le clann Iosrael: Ná caitheadh aon duine agaibh fuil, ná aon deoraí ag cur faoi in bhur measc.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Beidh an dlí céanna i bhfeidhm don dúchasach agus don eachtrannach a lonnaíonn in bhur measc.”

“Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n‑íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?

Óir san fhuil atá anam na feola; thug mé daoibh í le gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son bhur n‑anam ag an altóir; mar is í an fhuil a dhéanann leorghníomh ar son an anama.

Aon duine de theaghlach Iosrael, nó aon deoraí ag cur faoi in bhur measc, a bheireann sa tseilg ar éan nó ar ainmhí is ceadmhach a ithe, déanadh sé a fhuil a dhoirteadh agus a chlúdach le cré.

Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí