Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 16:8

An Bíobla Naofa 1981

Cuireadh sé an dá phocán ar cranna, ceann don Tiarna agus an ceann eile do Azázael.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ar an ucht a chaitear na cranna, ach ón Tiarna a thagann an réiteach.

Sin í an talamh a roinnfidh sibh i measc treibheanna Iosrael mar oidhreacht dóibh agus sin iad na ranna eagsúla uirthi - an Tiarna Dia a labhraíonn.

ach an pocán ar a dtitfidh crann Azázael, cuirtear i láthair an Tiarna é, agus an t‑anam ann, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh air agus é a sheoladh isteach san fhásach go hAzázael.

An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

Tugadh Árón an dá phocán leis ansin agus cuireadh sé iad i láthair an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála.

An pocán ar a dtitfidh crann an Tiarna, tugadh sé i láthair é agus ofráladh sé é mar íobairt pheaca,

Dúirt foireann na loinge le chéile ansin: “Téanaigí; caithimis crainn chun a fháil amach cé air a chuirfimid milleán na tubaiste seo atá tar éis teacht orainn.” Mar sin de, chaith siad crainn agus thit an crann ar Ióna.

Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc.

Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí