Thug siad leo seacht dtarbh, seacht reithe, seacht n‑uan, agus seacht bpocán, mar íobairt pheaca don ríocht don sanctóir agus do Iúdá. Dúirt an rí ansin leis na sagairt, clann Árón, iad a ofráil ar altóir an Tiarna.
Do choisreacan Theampaill seo Dé d'ofráil siad céad tarbh, dhá chéad reithe, ceithre chéad caora, agus dá phocán déag mar íobairt pheaca thar ceann Iosrael go léir, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael.
Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.
“Beir leat Árón agus a chlann mhac leis, agus na héidí, agus an criosma, agus an tarbh don íobairt pheaca, agus an dá reithe, agus an cliabh slimaráin.
Ní foláir pocán gabhair a ofráil don íobairt pheaca. Tá an méid seo le bheith de bhreis ar an íobairt pheaca d'fhéile an leorghnímh, agus ar an íobairt uileloiscthe lena n‑abhlann agus lena n‑íobairtí dí.
An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn