“Sagart arna ungadh agus arna insealbhú chun fónaimh in áit a athar nach foláir an gnás leorghnímh a chomhlíonadh. Cuireadh sé uime an línéadach agus na héidí naofa,
agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca.”
agus comhlíonadh sé leorgníomh an tsanctóra naofa, Bhoth na Teagmhála agus na haltóra. Ansin ceiliúradh sé gnás an leorghnímh thar ceann na sagart agus mhuintir an chomhthionóil uile.
Cuireadh sé ionar de línéadach coisricthe air féin, gléasadh sé é féin i línéadach, agus cuireadh sé crios línéadaigh faoina choim, agus ceannbheart línéadaigh ar a cheann. Tar éis dó é féin a ionladh le huisce, cuireadh sé na héidí naofa seo air féin.
Más é an sagart ungtha a pheacaíonn agus a thugann ciontacht dá réir sin ar an bpobal, ansin déanadh sé a ofráil don Tiarna ar son an pheaca a rinne sé, tarbh óg gan mháchail den táin.