Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 16:26

An Bíobla Naofa 1981

An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin;

aon duine a bhéarfaidh cuid dá gconablach leis, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Gach ainmhí spadchosach ar na hainmhithe ceathairchosacha, bídís neamhghlan agaibh; aon duine a bhaineann lena gconablach bíodh sé neamhghlan go nóin.

An té a iompraíonn a gconablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bídís neamhghlan agaibh.

Bídís-sean neamhghlan agaibh i measc na míol beag; aon duine a bhaineann leo agus iad marbh, bíodh sé neamhghlan go nóin.

Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin.

Má chailltear ceann de na hainmhithe is ceadmhach daoibh a ithe, bíodh an té a bhaineann lena chonablach neamhghlan go nóin.

Aon duine a chaitheann cuid dá chonablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin; aon duine a iompraíonn an conablach, níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

An té a bhíonn á ghlanadh, níodh sé a chuid éadaigh, bearradh sé a ghruaig go léir, níodh sé é féin, agus bíodh sé glan. Ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin, ach ní foláir dó fanacht seacht lá lasmuigh dá bhoth.

Aon duine a bhaineann leis na nithe sin, bíodh sé neamhghlan; déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

ach an pocán ar a dtitfidh crann Azázael, cuirtear i láthair an Tiarna é, agus an t‑anam ann, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh air agus é a sheoladh isteach san fhásach go hAzázael.

ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir.

An té a dhónn iad, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.

Cuireadh sé an dá phocán ar cranna, ceann don Tiarna agus an ceann eile do Azázael.

“Bíodh seo ina dhlí síoraí acu: an té a chroitheann uisce na neamhghlaine, níodh sé a chuid éadaigh, agus an té a bhainfidh le huisce na neamhghlaine, bíodh sé neamhghlan go nóin.

Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí