Léivític 16:20An Bíobla Naofa 1981“Nuair a bheidh gnás an leorghnímh don sanctóir, do Bhoth na Teagmhála, agus don altóir, comhlíonta aige, tugadh sé an pocán eile, an ceann beo, i láthair. Féach an chaibidil |
Leagadh Árón a dhá láimh ar cheann an phocáin bheo, agus admhaíodh sé coireanna uile chlann Iosrael os a chionn, agus a gcionta go léir, agus a bpeacaí go léir; agus leagadh sé sa mhullach air iad. Agus iadsan go léir leagtha sa cheann air, seoladh sé amach faoin bhfásach é ar láimh ag fear a bhíonn ullamh chuige sin;