Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 16:2

An Bíobla Naofa 1981

labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: “Abair le do dheartháir Árón gan teacht isteach, nuair a bhuaileann an fonn é, thar fial sa sanctóir i bhfianaise chathaoir na trócaire os cionn na háirce; ba bhaol báis dó é, óir taispeánaim mé féin i néal ar chathaoir na trócaire.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.

D'iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.

De bharr an néil seo níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais; bhí Teampall Dé lán de ghlóir an Tiarna.

Déanfaidh Árón leorghníomh ar a beanna uair sa bhliain; le fuil na hofrála ar son an pheaca, déanfaidh sé gnás an leorghnímh a chomhlíonadh uair sa bhliain agus beidh sin amhlaidh ó ghlúin go glúin. Tá an altóir seo sárnaofa don Tiarna.”

agus cuireadh sé an túis ar an tine i láthair an Tiarna agus folaíodh sé le seamall túise cathaoir na trócaire atá ar an bhFianaise, le heagla an bháis.

Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

“An deichiú lá den seachtú mí Lá an Leorghnímh agaibh. Bíodh comhthionól naofa agaibh. Déanaigí troscadh agus ofrálaigí íobairt loiscthe don Tiarna.

Ní foláir daoibh fanacht seacht lá agus seacht n‑oíche ag doras Bhoth na Teagmhála ag comhlíonadh ghnás an Tiarna; déanaigí amhlaidh agus ní baol daoibh an bás. Sin é an t‑ordú a fuaireas.”

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m'aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.”

Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”

Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh.

Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis.

Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bharr go bun, chrith an talamh agus réabadh na carraigeacha.

Is cosúil le hancaire daingean docht dár n‑anam an dóchas sin. Téann sé isteach sa sanctóir atá laistigh den chuirtín

Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t‑ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin.

Laistiar den dara cuirtín bhí an bhoth a dtugtar an Áit Rónaofa air.

Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t‑am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin.

Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí