Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 16:17

An Bíobla Naofa 1981

Ná fanadh aon duine i mBoth na Teagmhála ón uair a ghabhann sé isteach sa sanctóir ag déanamh leorghnímh go dtagann sé amach. Nuair a bhíonn leorghníomh déanta aige dó féin, agus dá theaghlach agus dá mhuintir, agus do chomhthionól Iosrael go léir,

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

agus bhí cuallacht iomlán an phobail amuigh ag guí in am na túise.

Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.

Ná tagadh aon duine aníos leat, agus ná bíodh aon duine le feiceáil in aon áit ar an sliabh; níl sé ceadaithe fiú na tréada ná na táinte a bheith ag iníor os comhair an tsléibhe sin.”

Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad

D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.

Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.

Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda

Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t‑aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa

níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”

Sin mar atá gnás an leorghnímh le comhlíonadh aige don sanctóir ar son neamhghlaine chlann Iosrael, dá gcionta agus dá bpeacaí go léir; sin é leis mar nach foláir dó a dhéanamh do Bhoth na Teagmhála a fhanann faru i lár a neamhghlaine.

tagadh sé amach agus téadh sé go dtí an altóir atá os comhair an Tiarna agus comhlíonadh sé gnás an leorghnímh uirthi. Tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus an phocáin agus cuireadh sé í ar bheanna na haltóra timpeall.

Árón agus a chlann mhac a dhéanadh na hofrálacha a dhó ar altóir an uileloiscthe agus ar altóir na túise; ní raibh de churam orthu ach na nithe rónaofa, agus seirbhís an leorghnímh d'Iosrael de réir gach ar ordaigh Maois searbhónta an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí