Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 16:14

An Bíobla Naofa 1981

Ansin tógadh sé cuid d'fhuil an tairbh agus croitheadh sé í lena mhéar ar thosach chathaoir na trócaire; ní foláir dó an fhuil seo a chroitheadh seacht n‑uaire lena mhéar os comhair chathaoir na trócaire.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Croitheadh sé cuid den fhuil seacht n‑uaire ar an altóir lena mhéar; sin mar atá sí le glanadh agus le naomhú aige, le híonghlanadh agus le scaradh ó neamhghlaine iomadúil chlann Iosrael.

Ansin tumadh an sagart a mhéar san fhuil agus croitheadh sé í seacht n‑uaire os comhair an fhéil i láthair an Tiarna.

Chroith sé cuid de seacht n‑uaire ar an altóir agus rinne an altóir agus a ghréithe, agus an t‑umar gona bhonn a ungadh á gcoisreacan.

Tógadh Eileázár an sagart cuid dá fuil ar a mhéar agus croitheadh sé an fhuil seo seacht n‑uaire i dtreo dhoras Bhoth na Teagmhála.

Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son.

Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tharbh agus ghabhar peacaí a chur ar ceal.

agus Íosa, idirghabhálaí an chonartha nua, agus doirteadh fola a labhraíonn níos fearr ná fuil Áibil.

Nuair a chroitear fuil ghabhar agus tharbh agus luaithreach bodóige dóite ar dhaoine atá neamhghlan mar gheall ar dheasghnátha an liotúirge, baintear an neamhghlaine dheasghnáthach seo díobh agus naomhaítear iad.

Mar an gcéanna chroith sé an fhuil ar an mboth agus ar na gréithe uile a d'úsáidtí sa liotúirge.

Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t‑ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin.

Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí