Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 16:13

An Bíobla Naofa 1981

agus cuireadh sé an túis ar an tine i láthair an Tiarna agus folaíodh sé le seamall túise cathaoir na trócaire atá ar an bhFianaise, le heagla an bháis.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce, agus isteach san áirc cuirfidh tú an Fhianaise a thabharfaidh mé duit.

Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh.”

“Déanfaidh tú altóir chun túis a loscadh uirthi; d'adhmad sitím a dhéanfaidh tú í.

Coimeádaidís mo rialacha, agus ná gabhadh aon chiontacht iad; má bhriseann siad iad, gheobhaidh siad bás; is mise an Tiarna a naomhaíonn iad.

Thóg gach fear a thúiseoir más ea, chuir tine ann, agus chuir túis ar an tine. Bhíodar ina seasamh ag doras Bhoth na Teagmhála agus Maois agus Árón in éineacht leo.

Ansin dúirt Maois le hÁrón: “Tóg do thúiseoir, cuir tine ón altóir ann, agus leag túis air, agus brostaigh leis go dtí an comhthionól chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh; óir tá fraoch na feirge sceite anuas ón Tiarna agus tá an phlá sa siúl.”

cuirigí tine iontu agus cuirigí túis iontu i láthair an Tiarna amárach. Sé an té atá coisricthe a thoghfaidh an Tiarna. Tá sibh dulta thar fóir, a mhaca Léiví.”

Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.

Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.”

Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.

Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.

Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí