Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua: “Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo, go dtí go bhfaighe sibh bás,” a deir an Tiarna Dia na Slua.
Aon rud ar bith a dtitfidh ceann marbh díobhsan air, bíodh sé neamhghlan, cibé acu soitheach adhmaid é, nó ball éadaigh, nó seithe, nó rón, nó aon earra úsáideach ar bith; ní mór é a thumadh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin; beidh sé glan ansin.
Ar an seachtú lá scrúdaíodh an sagart an ball tinn agus mura bhfuil sé leata ar an gcneas, agus nach bhfuil sé dulta sa bheo de réir dealraimh, ansin fógraíodh an sagart glan é; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.
Déanadh an sagart iniúchadh air arís an seachtú lá, agus má bhíonn an ball tinn gan luisne agus gan leathadh ar an gcraiceann, ansin fograíodh an sagart an duine glan. Níl ann ach gearb; níodh sé a chuid éadaigh agus bíodh sé glan.
Aon dúchasach nó deoraí a itheann ainmhí a fuair bás uaidh féin nó a stoll ainmhithe allta, déanadh sé a chuid éadaigh agus é féin a ní le huisce; beidh sé neamhghlan go nóin; ansin beidh sé glan.
An té a bhailigh luaithreach na bó, níodh sé a éide agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bíodh seo ina reacht síoraí do chlann Iosrael agus don choimhthíoch ag cur faoi in bhur measc.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.
Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.
Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n‑aigne.
Dúirt mé mar fhreagra air: “A Thiarna liom, tá fhios agat.” Agus dúirt sé liom: “Is iadsan an dream atá gafa tríd an duainéis mhór; nigh siad agus gheal siad a n‑éidí i bhfuil an Uain.