An leaba ar a luíonn an fear, agus aon suíochán ar a suíonn sé, bíodh sé neamhghlan.
Fad a mhaireann an sileadh is mar seo leanas an dlí dá neamhghlaine: cibé acu a choisceann a chorp an sileadh nó nach ndéanann, bíodh sé neamhghlan.
Aon duine a bhaineann lena leaba, níodh sé a chuid éadaigh, agus níodh sé é féin, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”
agus ná bíodh aon pháirt agaibh i ngnóthaí seasca an dorchadais ach iad a cháineadh.
Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.