Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Léivític 15:32

An Bíobla Naofa 1981

Sin é an dlí do fhear an tsilte agus d'fhear sceite a shíl agus go mbíonn sé neamhghlan dá bharr;

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Seo é bunreacht an Teampaill: an láthair uile ar mhullach an tsléibhe agus máguaird is áit rónaofa é. Féach, sin é bunreacht an Teampaill.”

Sin é an dlí i dtaobh na n‑ainmhithe go léir, na n‑éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh,

Sin é an dlí mar le lobhra i mball éadaigh lín nó olla, ábhar nó brat nó déantús leathair is cuma céard é, sa chás go bhfuil siad le fógairt glan nó neamhghlan.”

“Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é.

“Sin é an dlí maidir le duine a bhfuil lobhra air agus a bhfuil na hofrálacha glanta thar a acmhainn.”

“Sin é an dlí do gach cás lobhra agus tine dhia,

Nuair a sceitheann fear a shíol, déanadh sé a chorp go léir a ionladh in uisce agus bíodh sé neamhghlan go nóin.

Seachnaigí clann Iosrael ar a neamhghlaine, le heagla go bhfaighidís bás dá barr, mar go dtruailleoidís mo thaibearnacal atá ina measc.

don bhean is neamhghlan de bharr a cúrsaí míosa; do fhear nó do bhean le sileadh, agus d'fhear a luíonn le bean neamhghlan.

“Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,

Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí