Nuair a sceitheann bean a fuil agus go sileann sí óna corp, maireadh an neamhghlaine óna cúrsaí míosa ar feadh seacht lá; aon duine a bhainfidh léi, bíodh sé neamhghlan go nóin.
Leathann Síón a lámha amach; níl sólásaí ar bith aici; thug an Tiarna ordú in aghaidh Iacóib a chomharsana a bheith naimhdeach dó; rud éigin neamhghlan ina measc is ea Iarúsailéim.
“A mhic an duine, nuair a chónaigh muintir Iosrael ina dtír féin thruailligh siad í lena ndrochimeachtaí. Bhí a n‑iompar i mo láthairse neamhghlan mar fhuil mhíosúil mná.
“Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa.
agus caithfidh sí fanacht trí lá dhéag agus fiche eile i bhfuil a híonghlanta; ná baineadh sí le haon ní naofa, agus ná tagadh isteach sa sanctóir go dtí go mbíonn laethanta a glanta comhlíonta.
Fear a luíonn le bean le linn a cúrsaí agus a bhaineann an folach dá nochtacht: Nocht sé foinse a fola agus bhain sí an folach d'fhoinse a fola. Déantar iad araon a ionnarbadh óna bpobal.
Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí.