Iadsan go léir a mbaineann fear an tsilte leo gan a lámha a ní, nídís a gcuid éadaigh, agus nídís iad féin agus bídís neamhghlan go nóin.
Fágfaidh na nithe sin neamhghlan sibh; aon duine a bhaineann le conablach cinn díobh, bíodh sé neamhghlan go nóin;
Iadsan go léir a bhaineann le haon ní a bhíonn faoi, bídís neamhghlan go nóin. Aon duine a iompraíonn a leithéid, ní foláir dó a chuid éadaigh a ní, agus é féin a ní, agus bíodh sé neamhghlan go nóin.
Gach soitheach cré a mbaineann fear an tsilte leis, bristear é; agus gach soitheach adhmaid déantar é a shruthlú le huisce.
Aon rud a mbainfidh an neamhghlan leis, bíodh sé neamhghlan, agus aon duine a bhainfidh leis sin arís, bíodh sé neamhghlan go nóin.”
Nuair a thagann an tráthnóna níodh sé é féin le huisce, agus bíodh cead aige filleadh ar an gcampa ar dhul faoi don ghrian.