Sin é an dlí i dtaobh na n‑ainmhithe go léir, na n‑éan go léir, na ndúl beo go léir a shnámhann sna huiscí, agus na míol go léir a shnámhann ar talamh,
Ní foláir don sagart an galar cnis a iniúchadh. Má bhíonn an fionnadh san áit galraithe liata, agus má bhíonn an galar ag dul sa bheo, ansin go deimhin is cás lobhra é, agus tar éis a scrúdaithe caithfidh an sagart an t‑othar a fhógairt neamhghlan.
scaoileadh sé leis an éan beo saor faoi na bánta ón gcathair amach. Nuair a bhíonn gnás an ghlanta comhlíonta ar an gcuma seo don teach, bíodh sé glan.
“Labhair le hÁrón agus lena chlann mhac agus abair: Seo é gnás an íobairt pheaca: Maraítear íobarthach an pheaca i láthair an Tiarna san áit ina maraítear íobarthach an uileloiscthe; tá sé sárnaofa.
“Tabhair na horduithe seo leanas d'Árón agus dá chlann mhac: Seo é an gnás don íobairt uileloiscthe (an íobairt uileloiscthe, sé sin, a fhanann ar theallach na haltóra feadh na hoíche go maidin agus a dhóitear le tine na haltóra).
“Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.
I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.